Skip Navigation

Tel: 021 4966222 | Fax: 021 4314238 | E-mail Directory
Banner Home
  • Cork City Libraries
  • Cork City Development plan
  • Strategic Cork Guide
About Us

City Manager's Welcome

Message from City Manager, Mr. Joe Gavin.

City Manager - I am pleased to welcome you to Cork City Council's website. We have tried to make a comprehensive range of information on the workings of Cork City Council available to you. In virtually every area which impacts on the lives of those living in or visiting Cork, the local authority is involved - from the provision of basic but necessary services to large capital schemes that are changing the face of the city and its environs. There is little doubt that the city has undergone significant and positive change in recent years. That change is everywhere to be seen - in new roads and services infrastructure, in high quality and sensitive urban renewal as well as environmental enhancement. Many of the changes particularly those infrastructural changes which have had such positive influences on the local economy have stemmed from the long term strategic planning of Cork City Council, notably in the landmark Land Use and Transportation Study. The implementation of the Study's proposals has made Cork a much more economically vibrant and investor-friendly location. Now that most of the major elements of that Study have been implemented, the focus of the Corporation is now on the "positioning" of the Cork area for the future. With the Cork County Council, the Corporation has commissioned the Cork Area Study which will map out the development of the city and county for the next 20 years with a particular emphasis on socio-economic development. Our intention is to build on the gains which has been made in recent years and to ensure that these are not dissipated in any way. Working closely with the private sector, we will continue to make a pivotal contribution to making Cork an attractive location in which to live, work and invest. The management of rapid change is the major challenge facing Cork City Council. It is our task to plan for change and to reconcile the sometimes conflicting demands which are inevitable at a time of remarkable economic development such as we are experiencing. The Management and Staff of Cork City Council working closely with the City Council, look forward to the challenges ahead. In this, we will be helped by a public being as well-informed as possible about the work we undertake. I know that the information on our website will make an important contribution to that knowledge. I hope you will find the information informative and enlightening.

Joe Gavin
City Manager and Town Clerk.

Teachtaireacht ó Bhainisteoir na Cathrach, Seosamh Uasal Ó Gabháin
Ta áthas orm fáilte a fhearadh romhat chuig láithreán seo Bhardas Chorcaí ar an idirlíon. Tá ár ndícheall déanta againn réimse cuimsitheach eolais a chur ar fáil duit faoi Bhardas Chorcaí agus a ndeineann sé. Is beag rud a théann i bhfeidhm ar an saol a chaitheann muintir Chorcaí féin, nó ar na cuairteoirí a thagann ar cuairt chun na cathrach, nach mbíonn lámh éigin ag an mBardas ann - ó bheith ag freastal ar bhunriachtanais an phobail go dtí na scéimeanna móra caipitil atá ag cur ath-chrutha ar an gcathair féin agus ar na ceantair máguaird. Níl aon amhras ann ach go bhfuil athrú agus feabhas suaithinseach tagtha ar an gcathair le blianta beaga anuas. Is féidir an t-athrú seo a fheiscint i ngach aon áit - san infrastruchtúr nua atá curtha ar na bóithre agus ar na seirbhísí, san ath-nuachaint den chaighdeán is airde atá déanta go tuisceanach laistigh den chathair féin agus sa bhfeabhas atá le sonrú sa timpeallacht go ginearálta. An-chuid de na hathraithe seo, go hairithe na hathraithe sin ar an infrastruchtúr a chuir gaoth i seolta na heacnamaíochta aitiúla, d'eascraíodar ón bpleanáil fadtéarmach, stráitéiseach atá déanta ag Bardas Chorcaí agus ón staidéar fuaimintiúil a deineadh ar Iompar agus Úsáid Talún sa cheantar. Cuireadh borradh faoi eacnamaíocht Chorcaí agus cothaíodh timpeallacht fhabhrach sa chathair do lucht infheistíochta mar thoradh ar chur i bhfeidhm na moltaí a deineadh sa phlean seo. Anois, ó tá an chuid is mó de mholtaí an staidéir sin curtha i bhfeidhm, tá Bardas Chorcaí ag díriú ar gach aon bhuntáiste is féidir a bhaint amach don cheantar sna blainta atá romhainn. I dteannta le Comhairle Chontae Chorcaí, tá An Staidéar ar Cheantar Chorcaí coimisiúnaithe ag an mBardas. Dréachtphlean ar fhorbairt an chontae agus na cathrach é seo agus béim faoi leith ann ar fhorbairt shocheacnamaíoch an cheantair. Is é atá ar intinn againn ná tógaint ar an mbonn atá leagtha againn le blianta beaga anuas agus deimhin a dhéanamh de nach ligfear le sruth oiread na fríde den dul chun cinn atá déanta againn. Ta róll lárnach ag an mBardas, agus é ag obair i dlúthpháirt leis an earnáil phríobháideach, san obair atá le déanamh chun Corcaigh a bhuanú mar áit inar dheas le daoine a saol a chaitheamh, a gcuid oibre a dhéanamh agus a gcuid airgid a infheistiú. Dúshlán mór atá roimh an Bardas ná bainistíocht a dhéanamh ar an mearathrú seo. Tá sé de chúram orainne pleanáil a dhéanamh i gcoinne na n-athraithe seo, agus teacht ar mheán éigin réitigh idir na héilimh éagsúla, gur minic iad ag teacht salach ar a chéile agus forás chomh fuaimintiúil ar an eacnamaíocht is atá le sonrú uirthi faoi láthair. Tá lucht bainistíochta agus foireann an Bhardais, i ndlúthpháirt le Comhairle na Cathrach, ag súil leis an dúshlán seo. Cabhair mhór dúinn san obair seo ná pobal na cathrach féin a bheith go maith ar an eolas faoin obair atá idir lámha againn. Tá a fhios agam go gcuifidh an t-eolas atá á chur ar fáil ar an láithreán seo againn leis an eolas sin. Tá súil agam go gcuirfidh an t-eolas seo leis an eolas agus leis an tuiscint atá agat féin.

Seosamh Ó Gabháin
Bainisteoir na Cathrach agus Cléireach an Bhaile.

(Photograph: News Pics)


If you would like to send e-mail to the City Manager, click here

If your browser is not configured to send e-mail and you would like to contact us on-line, please use this mail form to contact us with your comments or queries.

Cork City Council, City Hall, Cork, Ireland
Tel: +353 21 4966222 | Fax: +353 21 4314238 | E-mail Directory

[Cork City Council Crest]