Fáilte chuig Stiúrthóireacht na mBóithre agus Iompair
English Version
Ról na Stiúrthóireachta
Soláthraíonn Córas na mBóithre creatlach agus imlíne don chathair agus feidhmíonn sé mar ghréasán dáilte seirbhísí fóntais agus iompair.
Go bunúsach soláthraíonn sé rochtain chuig tithe, gnóthaí, tionscail agus áiseanna áineasa do dhaoine, earraí agus seirbhísí.
Soláthraíonn sé cúlra do chomhshaol tógtha na Cathrach agus téitear i bhfeidhm ar shaol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na Cathrach agus a purláin.
Is aonán orgánaí é, ag oiriúnú agus ag leathnú chun freastal ar na riachtanais agus na héilimh athraitheacha leagtha air ag an bPobal.
Is sócmhainn le luach é Gréasán na mBóithre agus ní foláir dó a bheith bainistithe chun an leas is iomláine a fháil don Phobal.
Ní foláir go mbeadh sé seo bainistithe agus coimeádta go héifeachtach agus go feidhmiúil agus ní foláir é a chaomhnú ó mhaslú agus ó trochlú anabaí.
Is iad Comhairle Cathrach Chorcaí an tÚdarás Bóithre atá ainmnithe do Chathair Chorcaí.
Tá a chearta agus a oibleagáidí maidir le seo leagtha amach go bunúsach in Acht na mBóithre 1993.Cuimsíonn an gréasán reatha na nithe seo a leanas:
- 34km de Bhealaí Náisiúnta
- 47km de Bhealaí Réigiúnacha
- 349km de Bhóithre Áitiúla
- 121 Acomhal Rialaithe Tráchta
- 74 Crosaire Comharthaithe do Choisithe
- 16 Trasrian Síogach
- 36 Maor Scoile a sholáthar
- 1400 laindéar Soilse Poiblí a fheidhmiú
- Freastal ar 400,000 gluaiseacht tráchta in aghaidh an lae
- 6,000 spás páirceála sráide a sholáthar
- 1,350 spás páirceála charrchlóis a sholáthar
- 940 spás Páirceáil & Marcaigh a sholáthar
- 1 mhilliún méadar de línte bóithre rialála a sholáthar
- 13,000 comhartha bóthair Tráchta, eolais agus rialála a sholáthar
Na Spriocanna
- Chun gréasán na mbóithre a sholáthar, a fhorbairt agus a bhainistiú chun a chinntiú go bhfuil leibhéal rochtana cothromasacha ar fáil d’úsáideoirí uile agus chun a chinntiú go bhfuil gréasán na mbóithre inchothaithe agus go dtacaíonn sé le forbairt chomhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch.
- Chun tacaíocht go gníomhach le hiompar laistigh den chathair agus a purláin i slí inchothaithe agus sábháilte.
Na Cuspóirí
Soláthróimid córas rialaithe um bhainistíocht tráchta nua-aimseartha agus feidhmiúil trí:-
- Monatóireacht, feabhsú agus luacháil a dhéanamh ar bhainistíocht tráchta, lena n-áirítear an Córas Rialú Tráchta Uirbeach chun comhshaol uirbeach inchothaithe a bhaint amach.
- Forbairt a dhéanamh ar chóras faisnéise d’úsáideoirí bóithre/comharthaí eolais tráchta chun úsáid níos éifeachtaí de ghréasán na mbóithre a chumasú.
- Laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag trethrácht ar Lár na Cathrach agus ceantair cónaithe ag úsáid gréasán na seachbhóithre.
Déanfaimid forbairt agus bainistiú ar pháirceáil laistigh den chathair i slí inchothaithe trí:-
- Beartas páirceála a chruthú maidir le soláthar agus forfeidhmiú d’fhonn freastal ar riachtanas athraitheach na Cathrach.
- An soláthar agus rialú de pháirceáil sráide agus páirceáil charrchlóis
Déanfaimid sábháilteacht a chur chun cinn i ngach gné de bhóithre agus iompar trí:-
- Forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar soilsiú poiblí chun infheictheacht a sholáthar do choisithe agus úsáideoirí eile na mbóithre.
- Iniúchtaí Sábháilteachta rialta ag cur clár oibreacha fisiciúla i gcrích d’fhonn sábháilteacht a fheabhsú m.sh. ceannsú tráchta, athchóiriú cosáin, comharthaí s.rl.
- Forfheidhmiú a dhéanamh ar chláir shábháilteachta bóithre i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Sábháilteachta Náisiúnta agus na Gardaí.
Déanfaimid cothabháil ar ghréasán na mbóithre go hardchaighdeán trí:-
- Feidhmiú a dhéanamh ar chlár athdhromchlaithe bliantúil, clár athnuachan agus cothabháil pleanáilte a fheachfaidh i dtreo uasmhéadú a dhéanamh ar úsáid na n-acmhainní infhaighte.
- Forfheidhmiú a dhéanamh ar chlár athnuachana cosán chun freastal ar riachtanas an phobail i dtéarmaí sábháilteachta agus inrochtaineacht.
- Soláthar agus cothabháil de chóras draenála bóithre fónta a chinntiú.
- Feidhmiú a dhéanamh ar tionscadal deisiúcháin bóithre atá feidhmiúil agus costas-éifeachtach.
- Feidhmiú agus cothabháil a dhéanamh ar an nGréasán Bealaí Náisiúnta lena n-áirítear Tollán Jack Lynch thar ceann an NRA.
Déanfaimid rialú agus bainistiú ar spás an bhóthair i slí cothrom trí:-
- Comhordú, éascú agus rialú a dhéanamh ar oibreacha ar bhóithre agus cosáin ag fóntais reachtúla agus comhlachtaí seirbhíse chun íoslaghdú a dhéanamh ar dhamáiste do chosáin agus bacainn neamhriachtanach d’úsáideoirí bóithre,agus ag an am céanna ag cumasú soláthar, athnuachan agus cothabháil na seirbhísí fóntais.
- Monatóireacht docht, rialú agus insealbhú de cheadúnais ar chosáin agus bóithre chun íoslaghdú a dhéanamh ar trangláil, bacainn agus guais d’úsáideoirí bóithre.
- Forfheidhmiú a dhéanamh ar chlár feabhsuithe do chosáin agus bóithre chun deireadh a chur le guaiseacha agus constaicí eisigh, go háirithe maidir le úsáideoirí le lagú soghluaiseachta.
Déanfaimid spreagadh ar úsáid modhanna iompair malartacha trí:-
- Bearta Bainistiú Tráchta cuí a sholáthar i gcomhpháirtíocht le soláthraithe iompair, d’fhonn daoine a spreagadh chun Iompair Poiblí a úsáid .i. bearta tosaíochta na mBu, áiseanna Páirceáil agus Marcaigh
- Forfheidhmiú a dhéanamh ar straitéis chomhaontaithe tacaíochta agus oibreacha fisiciúla chun éascú agus spreagadh a dhéanamh ar siúl agus rothaíocht mar mhodh iompair.
Sonraí Teagmhála
Stiúrthóireacht na mBóithre,
Seomra 303,
2ú Urlár,
Halla na Cathrach,
Corcaigh.
Guthán: + 353 21 4924247
Facs: + 353 21 4924515
rphost:
coengin@corkcity.ie, roads@corkcity.ie