
Tá Duganna Chorcaí suite i suíomh álainn ar an taobh thoir de Lár na Cathrach agus clúdaíonn siad limistéar de 166 heicteár de thalamh ar an dá bhruach Abhainn na Laoi, le 4 chiliméadar de éadan le huisce. D’aithin Comhairle Cathrach Chorcaí an cumas a bhí ann chun athfhorbairt a dhéanamh ar an gceantar seo ag deireadh na 1990aidí agus coimisiúnaíodh agus foilsíodh Straitéis Forbartha Cheantar Dugaí Chorcaí dá bharr sa bhliain 2001. Leag sé seo amach fís maidir le hathghiniúint an cheantair chun ceantar uirbeach ard-dlúis nua a chruthú i gCorcaigh, a mbainfeadh dearadh ardchaighdeáin; deiseanna cónaithe, fostaíochta agus fóillíochta; agus cáilíocht bheatha den scoth leis. Tá athghiniúint Ceantar na nDugaí mar thosaíocht ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus táthar ag obair go gníomhach chun an sprioc seo a bhaint amach sa mheántéarma i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla i gCeantar na nDugaí.
Díríonn an fhís do Cheantar Dugaí Chorcaí ar an áit féin agus ar an gcaoi ina chuireann sí le réigiún níos leithne na cathrach. Is í ardaidhm an phróisis athfhorbartha ná aitheantas nua a chruthú do cheantar na ndugaí ag soláthar:
Cuirfidh Ceantar Dugaí Chorcaí le fás agus forbairt Chathair Chorcaí freisin mar láthair ina bhfuil 23,000 cónaitheoir agus 27,000 post, trí chuidiú le meath an daonra sa limistéir uirbeach inmheánach a stopadh; deiseanna nua a chruthú le haghaidh gníomhaíochta gnó, ról a ghlacadh mar phríomhghníomhaí i mealladh na hinfheistíochta dírí eachtraí, T&F agus seirbhísí ardoird agus mar fhócas do chultúr agus turasóireacht.
Contract Signed for Economic Proposition ReportCork City Council has signed a contract with Colliers International to prepare an economic proposition report for Cork Docklands. City Manager, Tim Lucey, said: “this report, which is part-funded by Government, will provide a revised and updated road map for the redevelopment of the Docklands in the current changed economic circumstances. The Colliers –led team have already demonstrated an innovative approach based on world-wide experience”.
Uaireanta Oifige: 9 r.n. to 5 i.n. Luan go hAoine, seachas laethanta saoire poiblí.
Uimh. Ghutháin (021) 4924034
Facs.(021) 4924600
Stiúrthóireacht an Cheantair Dugaí, Comhairle Cathrach Chorcaí, Halla na Cathrach, Sráid Anglesea, Corcaigh, Éire.
Rphost: corkdocks@corkcity.ie,